an cailin alainn - sibéal lyrics
Loading...
tá cailín álainn, a dtug mé grá dhi
sí ‘s deis’ is áille, ná bláth ‘s ná rós
gan í ar láimh liom, is cloíte atá mé
ó a chailín álainn, ‘s tú fáth mo bhróin
a chailín álainn, a dtug mé grá duit
ó bí ar láimh liom, mo mhíle stór
ó abair liomsa, gur tú mo ghrá gheal
beidh orm áthas, in áit an bhróin
nuair a éirím, amach go huaigneach
siúd é an uair, is mó mo bhrón
o bím ag smaointeamh, ar an chailín uasal
atá i bhfad uaimse, mo chreach ‘s mo bhrón
dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn
aríst go brách ní, bheadh orm brón
sheinnfinn ceol duit, mar cheol na cláirsí
nó ceol binn smóilín, ‘s an drúcht gheal cheo
Random Song Lyrics :
- f.n.f. (let’s go) (remix) - hitkidd lyrics
- tag - june! & pis.i lyrics
- the days - last place runner-ups lyrics
- sleep cycle - dreamwake lyrics
- shooting in the dark - jaxxon d. silva lyrics
- cuộc đối thoại không hồi kết - vũ. (vietnam) lyrics
- birdie - gos rosling lyrics
- the thin wall (live version) - ultravox lyrics
- the gedanken train - the color bars lyrics
- take my hand, precious lord - kate smith lyrics