seacht suáilcí na maighdine muire - celia ní fhátharta lyrics
an chéad suáilce a fuair an mhaighdean bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
suáilce a fuair sí óna haonmhac íosa, gur thug sí chun tsaoil é i mbothán cró
seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia
an dara suáilce fuair an mhaighdean bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
suáilce a fuair sí ona haonmhac íosa, gur shiúil sé léithi an ród
seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia
an triú suáilce fuair an mhaighdean bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
suáilce a fuair sí ona haonmhac íosa, go ndeachaigh sé ag léamh na leabhar
seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia
an ceathrú suáilce fuair an mhaighdean bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
suáilce a fuair sí óna haonmhac íosa, go ndearna sé den uisce beoir
seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia
an cúigiú suáilce fuair an mhaighdean bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
suáilce a fuair sí óna haonmhac íosa, go ndearna sé na mairbh beo
seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia
an séu suáilce fuair an mhaighdean bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
suáilce a fuair sí ona haonmhac íosa, gur shaor sé lena fhuil an domhan
seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia
an seachtú suáilce fuair an mhaighdean bheannaithe, nárbh í sin an tsuáilce mhór
suáilce a fuair sí óna haonmhac íosa, gur chuir sé uirthi an choróin
seinn alleluia, seinn alleluia, seinn allelu, seinn allelu, seinn alleluia
Random Song Lyrics :
- manzana de eva - ineino lyrics
- filipek diss 3 - koldi lyrics
- neige au soleil - bertrand belin lyrics
- unendlich - laer xirtam lyrics
- sete - sreya lyrics
- ieri - anna tatangelo lyrics
- wait on you - lelynd darkes lyrics
- überdose - schmutzki lyrics
- live it up - yung mal & lil quill lyrics
- bières et chocolat - nedelko lyrics